Main banner

CÚRAM LEANAÍ AR €10 IN AGHAIDH AN LAE

03. Níos mó áiteanna cúraim leanaí a sholáthar

h

INTREOIR

Inacmhainneacht

SEACHADADH

i

Conclúid

Inacmhainne. Riachtanach. Inseachadta.

Níos mó áiteanna cúraim leanaí a sholáthar

Agus na mílte leanbh ag fanacht ar spásanna cúraim leanaí, tá sé ríthábhachtach go méadófar acmhainn na hearnála.

Ní amháin go laghdódh Sinn Féin costas an chúraim leanaí. Oibreoimid chun acmhainn a mhéadú san earnáil freisin chun go mbeidh tuismitheoirí in ann cúram leanaí a íoc, agus rochtain a fháil air chomh maith. Mheadóimis an acmhainn trí aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim earcaíochta agus choinneála, agus tacóimid le feighlithe leanaí freisin, rud a mhéadóidh agus a leasóidh Bunchistiú agus trí chur chun cinn an mhúnla fiontair shóisialta

Oibrithe agus Pá

Tá an ghéarchéim earcaíochta agus choinneála ar na príomhchúiseanna atá leis an easpa acmhainne, mar gheall ar phá íseal den chuid is mó.

Ní léiríonn an pá san earnáil an ról ríthábhachtach atá ag Oideoirí Luathbhlianta inár sochaí agus don gheilleagar. Tá na rátaí san uair gar don íosphá, agus is beag aitheantas a fhaigheann siad as ardcháilíochtaí a bhaint amach.

Chuirfeadh Sinn Féin cistiú poiblí de €53.8 milliún ar fáil le híoc as méadú €1.50 ar an ráta san uair d’oibrithe cúraim leanaí ar dtús. Bheadh an cistiú seo imfhálaithe do phá amháin. Tá soláthair breise inár bplean caiteachais cúig bliana freisin chun torthaí na hidirbheartaíochta ar arduithe pá a chistiú thar na cúig bliana ina dhiaidh sin inár dtéarma Rialtais.

Is mó seans go bhfanfadh oibrithe cúraim leanaí san earnáil de dheasca na n-arduithe pá seo, agus mheallfadh siad daoine nua freisin. Bheadh méadú ar líon na n-áiteanna dá dheasca seo, rud atá ag teastáil go géar chun seirbhísí cúraim leanaí inacmhainne ardchaighdeáin a sholáthar.

Agus Sinn Féin sa rialtas, chuirfimis tús le hathbhreithniú ar na bealaí isteach go dtí na Luathbhlianta chun a chinntiú nach bhfuil aon chonstaicí oideachais roimh na daoine siúd a bhfuil suim acu sna Luathbhlianta agus a oibríonn go maith le leanaí a bheith ag obair san earnáil.

Feighlithe Leanaí

D’fhéadfaí acmhainn na hearnála cúraim leanaí a mhéadú trí fhóirdheontais a thabhairt d’fheighlithe leanaí freisin.

Léirigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) gurb é an tionchar is mó atá ag an struchtúr fóirdheontais atá ann faoi láthair ná gur bogadh an t-éileamh ó na feighlithe leanaí agus cúram leanaí neamhfhoirmiúil eile go dtí na naíolanna, i.e. soláthraithe cúraim leanaí fhoirmiúil. Tharla sé seo d’ainneoin gurbh fhearr le tuismitheoirí na hÉireann cúram leanaí neamhfhoirmiúil a úsáid.

Mar sin de, molann Sinn Féin go mbeidh Feighlithe Leanaí incháilithe dár scéim €10 ar chúram leanaí in aghaidh an lae. Tá €240.4 milliún leithdháilte againn chun feighlithe leanaí a chur san áireamh sa scéim seo. Leathnóimid an scéim go feighlithe leanaí atá cláraithe le Tusla faoin gcóras reatha inár gcéad bliain den rialtas.

D’oibreoimis fosta le páirtithe leasmhara san earnáil, an rialtóir Tusla san áireamh, chun a chinntiú go gcuirfear dlús faoin bpróiseas seo agus go n-aimseofar an chothromaíocht cheart idir praiticiúlacht agus sláinte agus sábháilteacht na leanaí.

Agus Feighlithe Leanaí san áireamh sa scéim, laghdófaí an brú ar na naíolanna, agus d’fhéadfaí áiteanna a chur ar fáil san earnáil cúraim ionadbhunaithe dá dheasca sin.

Bunchistiú

Sruth cistithe is ea an Bunchistiú, a cruthaíodh chun acmhainn na hearnála cúraim leanaí a fheabhsú trí thacú le pá agus costais eile oibríochta. Mar sin féin, níl mórán eolais ann ar an méid cistithe atá á fháil ag soláthraithe agus an méid a bheadh ag teastáil uathu chun an acmhainn a mhéadú go suntasach.

Agus Sinn Féin sa Rialtas, dhéanfaimis athbhreithniú ar Bhunchistiú bunaithe ar na sonraí atá bailithe ag an Roinn Oideachais trí thuairisciú airgeadais ar Bhunchistiú, próifílí seirbhíse HIVE agus iarratais ar Bhunchistiú. Scrúdófar éifeachtúlacht agus cothroime dháileadh an Bhunchistithe san athbhreithniú seo

Tá soláthar airgeadais inár bplean caiteachais cúig bliana chun an Bunchistiú a mhéadú i ndiaidh an athbhreithnithe seo.

An Múnla Fiontair Shóisialta:

Tá a lán Ionad Pobail ar fud an Stáit nach mbaintear dóthain úsáide astu, go háirithe sna bailte agus sráidbhailte faoin tuath, agus ba spásanna foirfe iad seo le haghaidh suíomhanna cúraim leanaí. Laghdódh sé seo an t-am a bheadh ag teastáil chun áiseanna nua a bhunú ó tharla nach mbeadh gá le cead pleanála ná tógáil.

Tá go leor áiseanna cúraim leanaí ann faoi láthair i moil phobail sa Stát – agus iad roinnt costas ar nós fuinnimh, cíosa agus árachais. Tá carrchlóis agus spásanna lasmuigh de na hIonaid seo cheana féin, rudaí a bheadh ag teastáil i ngach áis chúraim leanaí.

Sochair a leathnú do thuismitheoirí chun aire a thabhairt dá naíonán sa chéad bhliain

De réir na fianaise, éiríonn níos fearr le leanaí nuair a chaitheann siad a gcéad bhliain dá saol le tuismitheoir. Tá sochar máithreachais ar fáil faoi láthair ar feadh 26 seachtaine amháin, Sochar Atharthachta ar feadh 2 sheachtain agus Sochar do Thuismitheoirí ar feadh 9 seachtaine. D’infheisteodh Sinn Féin thart ar €100 milliún breise chun a chinntiú go gclúdófaí 52 seachtain saoire ionas gur féidir le leanaí a bheith le tuismitheoir don chéad bhliain dá saol. Chomh maith leis sin, mhaolódh an beart seo roinnt brú ar acmhainneacht san earnáil fhoirmiúil cúraim leanaí, áit a bhfuil cóimheasa foirne le leanaí ag an leibhéal is airde don aoisghrúpa seo.

CÚRAM LEANAÍ AR €10 IN AGHAIDH AN LAE - CÚRAM LEANAÍ INACMHAINNE A SHOLÁTHAR DO THUISMITHEOIRÍ

Soláthróidh Sinn Féin sa rialtas cúram leanaí ar €10 in aghaidh an lae toisc go n-aithnímid go bhfuil cúram leanaí inacmhainne ar ardchaighdeán riachtanach do theaghlaigh agus don gheilleagar. Tógfaidh Sinn Féin an t-ualach ó theaghlaigh atá ag obair go dian, agus go leor acu faoi bhrú. Déanfaimid áit níos fearr d’Éirinn le teaghlach a thógáil agus le todhchaí a thógáil.

Cúram leanaí ar €10 in aghaidh an lae