Main banner

CÚRAM LEANAÍ AR €10 IN AGHAIDH AN LAE

04. Conclúid

h

INTREOIR

Inacmhainneacht

Seachadadh

i

CONCLÚID

Inacmhainne. Riachtanach. Inseachadta.

Conclúid

Tá cúram leanaí ina thosaíocht do Shinn Féin agus táimid tiomanta do chúram leanaí inacmhainne a sholáthar do thuismitheoirí chomh maith le méadú suntasach ar acmhainn na hearnála.

Leag Fianna Fáil agus Fine Gael caighdeán ró-íseal síos le fada an lá maidir le cad ar cheart do thuismitheoirí a bheith ag súil leis i dtaca le cúram leanaí inacmhainne. Fágadh tuismitheoirí na hÉireann san fhaopach, ag streachailt le cuid de na costais is airde do chúram leanaí san ECFE.

Tá a fhios againn gur féidir é seo a dhéanamh i bhfianaise an méid atá déanta i dtíortha eile. Tá a fhios againn freisin go bhfuil infheistíocht i gcúram leanaí maith don gheilleagar, maith do thuismitheoirí agus maith do thorthaí oideachais na leanaí. Is é atá ag teastáil ná rialtas atá tiomanta do chúram leanaí inacmhainne a sholáthar.

Agus Sinn Féin sa rialtas, soláthróimid cúram leanaí ar €10 in aghaidh an lae do thuismitheoirí.

CÚRAM LEANAÍ AR €10 IN AGHAIDH AN LAE - CÚRAM LEANAÍ INACMHAINNE A SHOLÁTHAR DO THUISMITHEOIRÍ

Soláthróidh Sinn Féin sa rialtas cúram leanaí ar €10 in aghaidh an lae toisc go n-aithnímid go bhfuil cúram leanaí inacmhainne ar ardchaighdeán riachtanach do theaghlaigh agus don gheilleagar. Tógfaidh Sinn Féin an t-ualach ó theaghlaigh atá ag obair go dian, agus go leor acu faoi bhrú. Déanfaimid áit níos fearr d’Éirinn le teaghlach a thógáil agus le todhchaí a thógáil.

Cúram leanaí ar €10 in aghaidh an lae