Main banner

CÚRAM LEANAÍ AR €10 IN AGHAIDH AN LAE

02. Inacmhainneacht

b

INTREOIR

Inacmhainneacht

Seachadadh

i

CONCLÚID

Inacmhainne. Riachtanach. Inseachadta.

Inacmhainneacht

Tá an méid a íocann tuismitheoiri in Éirinn as cúram leanaí i measc na gcostas is airde san ECFE. Tá Cúram agus Oideachas Luath-Óige, Cúram Leanaí in Aois Scoile agus Feighlíocht Leanaí i gceist le cúram leanaí. D’ainneoin roinnt athruithe chun feabhais, tá tuismitheoirí fós ag íoc na céadta euro gach mí as cúram leanaí, agus na mílte euro i roinnt cásanna. Ní féidir le tuismitheoirí agus teaghlaigh leanúint de sin, go háirithe agus muid i lár géarchéime costais maireachtála faoi láthair.

Is léir go gcruthaíonn costais arda cúraim leanaí go leor dúshlán do leanaí agus tuismitheoirí araon. Cuireann siad constaic roimh úsáid an chúraim leanaí fhoirmiúil, agus bíonn ar thuismitheoirí a bheith ag brath ar a gcuid cairde agus a dteaghlaigh dá thairbhe. Cuireann siad constaic roimh rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair freisin, agus roimh fheabhsú na rátaí bochtaineachta leanaí.

Is léir ó thaighde a rinneadh in Éirinn go mbíonn na dúshláin a bhaineann le costais ródhaora cúraim leanaí níos déine ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar thuismitheoirí aonair, go háirithe maidir le fostaíocht mháithreachais ar íocaíocht.

I ndiaidh brú leanúnach ó Shinn Féin agus daoine eile, thug an Rialtas fóirdheontais isteach faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí le blianta beaga anuas ar mhaithe le costais a laghdú, ach i ndáiríre, tá siad fós i bhfad ró-ard do thromlach na dtuismitheoirí sa tír. De réir na Tuarascála Bliantúla maidir le Próifíl na hEarnála Luathbhlianta 2022 ó Phobal, tá €800 an leanbh ar tháillí lánaimseartha cúraim leanaí ar an meán.

Cuireann costais ródhaora cúraim leanaí brú ar thuismitheoirí, agus d’fhéadfadh siad iallach a chur orthu a bheith ag obair níos lú uaireanta nó gan a bheith ag obair ar chor ar bith. Tá Sinn Féin tiomanta do chúram leanaí a dhéanamh inacmhainne go deo. Cinnteoimid nach mbeidh ar thuismitheoir ar bith níos mó ná €10 a íoc do chúram leanaí in aghaidh an lae, agus tá plean againn chun é seo a bhaint amach.

Cúram Leanaí ar €10 in aghaidh an lae

Déanfaidh Sinn Féin cúram leanaí a sholáthar ar €10 in aghaidh an lae trí fhóirdheontais a thabhairt do sholáthraithe, rud a dhúnfaidh an bhearna idir an fíorchostas ar chúram leanaí agus an srian €10 ar na táillí is féidir a ghearradh ar thuismitheoirí do leanbh amháin. Mar sin de, má tá do sholáthraí ag gearradh €40 in aghaidh an lae ort le haghaidh cúram leanaí, cuirfidh an Stát fóirdheontas €30 ar fáil chun an méid a íocfaidh tusa a laghdú go €10.

Is é sin le rá, má tá leanbh agat atá ag freastal ar chúram leanaí lánaimseartha, cúig lá sa tseachtain, rachaidh do chuid íocaíochtaí síos ó €800 in aghaidh na míosa go €200 in aghaidh na míosa.

Chuirfimis an beartas seo ar fáil do leanaí i gcúram leanaí ionadbhunaithe faoi mhí Mheán Fómhair 2025. Glacfaidh sé níos mó ama an srian €10 in aghaidh an lae a chur i bhfeidhm i gcás feighlithe leanaí mar tógfaidh sé am na critéir agus an clárú a shocrú. Molaimid an scéim seo a fhorbairt chun idir 90,000 – 100,000 leanbh sa bhreis a chlúdach tríd na feighlithe leanaí a chur san áireamh faoi dheireadh ár gcéad téarma sa rialtas.

An féidir é a dhéanamh? Fasaigh Idirnáisiúnta

Tá a lán samplaí ar fud an domhain de stáit ag cur srian le costas cúraim leanaí chun cúram leanaí inacmhainne a sholáthar do thuismitheoirí.

Sa Danmhairg, mar shampla, tá srian ar an sciar a íocann an tuismitheoir, 30 faoin gcéad den chostas ar a mhéad de ghnáth. Cuireann an Stát cistiú ar fáil don 70 faoin gcéad eile den chostas. Mar sin féin, ó tharla go socraíonn gach rialtas bardasach praghas an chúraim leanaí, tá srian ar an bpraghas a íocann tuismitheoirí, go bunúsach.

Tá córas cosúil leis sin i bhfeidhm sa tSualainn freisin ó thaobh srianta de, ní chuireann siad srian le ranníocaíocht an tuismitheora mar chéatadán den chostas, áfach, ach mar chéatadán d’ioncam an teaghlaigh. Cosiúl lena bhardais sa Danmhairg agus sa Sualainn praghas an chúraim leanaí ina ndlínsí. Is é sin le rá, arís, go bhfuil srian ar an bpraghas a íocann tuismitheoirí go bunúsach.

Thug an dlínse British Columbia, i gCeanada, clár $10 in aghaidh an lae isteach. Cosúil le hÉirinn, tá pacáiste fóirdheontas i bhfeidhm i gCeanada. Cuireann siad fóirdheontas ar fáil friesin go díreach le haghaidh laghdú na dtáillí agus mhéadú an phá d’oibrithe cúraim leanaí.

Tá srianadh na dtáillí cúraim leanaí chun cobhsaíocht agus inacmhainneacht a bhaint amach sách coitianta ar fud na hEorpa agus níos faide amach.

Costas

Meastar gurb é €345 milliún an costas ar ár dtogra chun cúram leanaí de €10 in aghaidh an lae a sholáthar. Chun go mbeidh soláthraithe in ann leas a bhaint as na tacaíochtaí seo, beidh rialuithe táille i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir le soláthraithe a gcleachtais a reáchtáil go héasca, ach go bhfaigheann an Stát luach a gcuid airgid freisin.

CÚRAM LEANAÍ AR €10 IN AGHAIDH AN LAE - CÚRAM LEANAÍ INACMHAINNE A SHOLÁTHAR DO THUISMITHEOIRÍ

Soláthróidh Sinn Féin sa rialtas cúram leanaí ar €10 in aghaidh an lae toisc go n-aithnímid go bhfuil cúram leanaí inacmhainne ar ardchaighdeán riachtanach do theaghlaigh agus don gheilleagar. Tógfaidh Sinn Féin an t-ualach ó theaghlaigh atá ag obair go dian, agus go leor acu faoi bhrú. Déanfaimid áit níos fearr d’Éirinn le teaghlach a thógáil agus le todhchaí a thógáil.

Cúram leanaí ar €10 in aghaidh an lae